Tá Pobal Éireann Wikimedia ag earcú Oifigeach Gaeilge chun an Ghaeilge a thacú agus a fhorbairt ar fud tionscadail Wikimedia, le fócas ar leith ar an Vicipéid, Wikipedia na Gaeilge. Tá an fógra seo curtha i láthair sa Ghaeilge ar dtús, agus an leagan Béarla ina dhiaidh sin.
Féach thíos don tsonraíocht poist iomlán agus do na sonraí iarratais.
Wikimedia Community Ireland is looking for an Irish Language Officer to support and grow the Irish language across Wikimedia projects, with a particular focus on An Vicipéid, the Irish language Wikipedia. This notice is presented in Irish first, followed by the English version. See below
For the full job specification and application details.
-
Post: Oifigeach Gaeilge
Eagraíocht: Pobal Éireann Wikimedia
Áit: Cianobair. Gá le gníomhaíochtaí i láthair go pearsanta anois is arís, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Tuarastal: €35,000 in aghaidh na bliana (maoinithe le deontas), íoctha go coicísiúil, in-athnuaite ag brath ar mhaoiniú. Tréimhse phromhaidh 6 mhí.
Ag tuairisciú do: Cathaoirleach Deonach, Pobal Éireann Wikimedia
Ag obair in éineacht le: Bainisteoir Pobail, Cúntóir Riaracháin + Foireann Dheonach PÉW
Spriocdháta: 28 Lúnasa 2026
Forbhreathnú ar an ról
Tá Pobal Éireann Wikimedia ag earcú Oifigeach Gaeilge chun an Ghaeilge a thacú agus a fhorbairt ar fud tionscadail Wikimedia, le fócas ar leith ar an Vicipéid, Wikipedia na Gaeilge.
Baineann an obair laethúil le tacú le heagarthóireacht Vicipéide, cruthú ábhair i nGaeilge, rannpháirtíocht phobail, chomh maith le for-rochtain oideachasúil agus cultúrtha ar fud na hÉireann. Oibríonn PÉW le comhpháirtithe ar fud na hEorpa agus go hidirnáisiúnta - de réir mar a fhorbraíonn an t-iarrthóir rathúil sa ról, ceanglóidh an tOifigeach Gaeilge leis an líonra níos leithne sin freisin.
Ní gá taithí roimhe seo le Wikimedia. Cuirtear oiliúint iomlán ar fáil.
Príomhfhreagrachtaí
Forbairt agus cúram ábhair
Déan taighde, scríobh, agus cuir eagar ar ábhar Gaeilge. Cinntigh go gcomhlíonann an t-ábhar caighdeáin cruinnis teanga, neodrachta, agus foinsithe.
For-rochtain oideachasúil
Cuir ceardlanna oiliúna struchtúrtha ar fáil ar líne agus go pearsanta do raon grúpaí éagsúla, lena n-áirítear scoileanna, grúpaí óige, ollscoileanna, agus eagraíochtaí pobail.
Rannpháirtíocht phobail
Tacaigh le pobal eagarthóirí na Vicipéide. Cuidigh le rannpháirtithe nua. Glac páirt in imeachtaí eagarthóireachta PÉW agus cuidigh lena n-eagrú.
Comhpháirtíochtaí cultúrtha
Tacaigh le hobair GLAM PÉW le dánlanna, leabharlanna, cartlanna, agus músaeim. Comhordaíonn an Bainisteoir Pobail an obair seo leis an bhfoireann agus leis an bpobal deonach.
Cumarsáid agus ábhar
Cruthaigh ábhar Gaeilge do bhlag, meáin shóisialta, agus cumarsáid PÉW, ag obair laistigh de chaighdeáin eagarthóireachta PÉW. Tacaítear leis an mBéarla más gá.
Ailíniú Straitéiseach
Cur i bhfeidhm na bpleananna straitéiseacha (2025–2030 faoi láthair) maidir le for-rochtain agus forbairt na Gaeilge inár dtionscadail. Straitéisí nua agus pleanáil a fhorbairt maidir le for-rochtain, cur chun cinn, agus comhtháthú na Gaeilge.
Scileanna riachtanacha
Taithí inmhianaithe
Ár dtairiscint
Conas iarratas a dhéanamh
Cuir isteach d'iarratas tríd an nasc thíos. Uaslódáil do CV (leaganacha i mBéarla agus i nGaeilge) agus litir chlúdaigh (uasmhéid 2 leathanach, i nGaeilge) tríd an bhfoirm.
Nasc: https://forms.gle/aWsSDyAVKmVLnQuV6
Ba chóir go dtabharfadh an litir chlúdaigh léargas ar do shuim sa ról, do chúlra le Gaeilge, agus ar an méid a chuirfeá ar fáil do Phobal Éireann Wikimedia.
Ceisteanna faoin ról nó faoin bpróiseas: [email protected]
Fáiltímid roimh iarratais ó gach cúlra. Níl taithí Wikimedia riachtanach - cuirtear oiliúint iomlán ar fáil.
Is fostóir comhdheiseanna iad Pobal Éireann Wikimedia.
Job: Irish Language Officer
Organisation: Wikimedia Community Ireland
Location: Remote. Occasional in-person activities required, nationally and internationally.
Salary: €35,000 per annum (grant funded), payable fortnightly
renewable subject to funding. 6-month probationary period.
Reporting to: Volunteer Chair, Wikimedia Community Ireland
Working alongside: Community Manager, Administrative Assistant + WCI Volunteer Team
Closing Date: 28th August, 2026
Role overview
Wikimedia Community Ireland is looking for an Irish Language Officer to support and grow the Irish language across Wikimedia projects, with a particular focus on An Vicipéid, the Irish language Wikipedia,
The day-to-day work combines supporting Wikipedia editing, Irish language content creation, community engagement, as well as educational and cultural outreach across Ireland. WCI works with partners across Europe and internationally - as the successful candidate develops into the role, the ILO will also connect into that broader network.
No previous Wikimedia experience is required. Full training is provided.
Key responsibilities
Content development and curation
Research, write, and edit Irish language content. Ensure outputs meet standards for language accuracy, neutrality, and sourcing.
Educational outreach
Deliver structured training workshops online and in person for a range of different groups including schools, youth groups, university and community organisations.
Community engagement
Support the Vicipéid editor community. Assist new contributors. Participate in and help organise WCI's community edit-a-thons and events.
Cultural partnerships
Support WCI's GLAM work with galleries, libraries, archives, and museums. This work is coordinated by the Community Manager with the WCI team and volunteer community.
Communications and content
Produce Irish language copy for WCI's blog, social media, and communications, working within WCI's editorial standards. English supported as required.
Strategic Alignment
Implementing strategic plans (current 2025-2030) in relation to Irish language outreach and development in our projects. Development of new strategies and planning in relation to Irish language outreach, promotion and integration.
Required skills
Desirable experience
What we provide
How to apply
Link: https://forms.gle/aWsSDyAVKmVLnQuV6
Wikimedia Community Ireland is an equal opportunities employer.
Nap OS (Co-founder)
Napblog Limited
Entry Level Grad Scheme
Pareto
Deputy CEO
Newkd
Real Estate Expert (Ireland)
Authority.inc
Head of MI & Reporting
Waystone
Senior Manager EMEA In-Market Distribution
Bristolmyerssquibb